Oidhreacht Chorca Dhuibhne
|
|
|
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
|
Fáilte
Bunaíodh Oidhreacht Chorca Dhuibhne sa bhliain 1980 chun oidhreacht shaibhir, nádúrtha agus daonna
leithinis Chorca Dhuibhne a chur chun cinn. Is i gceantar Iardheisceart na hÉireann i gContae
Chiarraí atá leithinis Chorca Dhuibhne. Ceantar Gaeltachta is ea Corca Dhuibhne ina labhraítear
an Ghaeilge go laethúil. 'Sí is aidhm don eagraíocht ná úsáid na teangan a neartú agus a fhorleathnú
i measc cainteoirí dúchais agus ina theannta sin i measc daoine atá tagtha isteach san áit chun
cónaithe, nach í an Ghaeilge a máthairtheanga.
Dírítear ar na cuairteoirí iomadúla chomh maith a thagann chun na Gaeltachta bliain i ndiaidh
bliana, an-chuid acu seo a thagann go príomha d'fhonn an Ghaeilge a fhoghlaim nó í a fheabhsú.
Is mór ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne an tacaíocht a fhaigheann siad ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta,
Gaeltachta agus Oileán.
" Sé is brí le hoidhreacht ná suim na n-achmhainní atá againn chun maireachtana "
Doncha Ó Conchúir, duine de bhunaitheoirí Oidhreacht Chorca Dhuibhne.
|
Cúrsaí Gaeilge agus Oidhreachta do Dhaoine Fásta |

|
Freastalaítear ar gach leibhéal líofachta Gaeilge ins na cúrsaí a eagraíonn Oidhreacht Chorca
Dhuibhne. Bíonn meascán ábhair agus imeachtaí ins na cúrsaí. An-bhuntáiste is ea é gur sa
Ghaeltacht atá na cúrsaí á reachtáil mar tugann san deis do na rannpháirtithe aithne a chur ar
mhuintir na Gaeltachta.
Bain taitneamh as Corca Dhuibhne, ceann de na háiteanna is áille san Eorap. Chífear timpeallacht
gan truailliú, plandaí suaithinseacha agus iontais imshaoil. Ceantar iontach seandálaíochta is ea
. Is mó file agus scríbhneoir, go bhfuil cáil domhanda orthu, a rugadh i gCorca Dhuibhne.
Please Luigh anseo chun breis eolais a fháil ar na cúrsaí
|

Foirm Ordaithe

Aodh Ó Tuama at the launch of Scéilín ó Bhéilín |
Scéilín ó Bhéilín Leabhar & Dlúthdhiosca Nua do Dhaoine Óga
Scéalta traidisiúnta, le ceol, don aos óg á n-insint ag trí ghlúin de mhuintir Ghaeltacht Chorca Dhuibhne.
Bain taitneamh as roinnt de mhórscéalta Chorca Dhuibhne sa phacáiste seo ar nós An Dá Chruitíneach,
Naomh Cuán agus an Phiast agus Cathair Chonraoí. Gheobhair téacs na scéalta le gluais is nótaí orthu,
le léaráidí ildaite le Dómhnal Ó Bric, chomh maith le modheolaíocht na scéaltóireachta don aos óg.
Tá 13 rian le 30 guth de mhuintir Chorca Dhuibhne ar an ndlúthdhiosca, ina measc guth an scéaltóra
Bab Feiritéar. An ceoltóir clúiteach Stiofán Ó Cuanaigh an léirithreoir ceoil. Tá poirt de
chuid an bhailitheora ceoil, James Goodman, le clos ar feadh na huaire, le cead ó Choláiste na Trionóide.
I measc na gceoltóirí atá páirteach:
Liam Ó Floinn: Píobaí
Odhrán Ó Casaide: Fidil
Laoise Ní Cheallaigh is Liam Ó Maonlaí, Cruit
Cormac Breatnach: Feadóg.
Iarla Ó Lionáird is Páidí 'Mhárthain' Mac Gearailt, Cantaireacht.
Deineadh an pacáiste oideachais seo a fhorbairt faoi scáth an Togra Bhéaloidis i
mBunscoileanna Chorca Dhuibhne, togra sainiúil curaclaim i réimse an bhéaloidis,
a bunaíodh i 1991 faoi stiúir Roibeárd Ó Cathasaigh, Coláiste Mhuire gan Smál.
Tá Scéilín ó Bhéilín ag tógaint ar an mbunchloch a leagadh le Rabhlaí Rabhlaí -
Rogha Rannta Traidisiúnta don Aos óg (1998)
Bainfidh leanaí gliondar agus sásamh as na scéalta seo agus tabharfaidh siad daoine
fásta ar ais go dtí draíocht na hóige. Toisc gur insint Chorca Dhuibhne atá anseo
ar théamaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, bainfear taitneamh as an cnuasach seo ins gach aon áit.
Costas €25
Móide costas poist mar seo leanas
Éire €1.44
An tAontas Eorpach €4.00
Sasana €3.00
Stáit Aontaithe Mheiriceá €5.00
An Astráil agus gach aon áit eile €5.00
Comhfhoilsitheoirí:
Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Fón 066 9156100/Facs 066 9156348
Riomhphost : mus@cfcdteo.iol.ie
An tAonad Forbartha Curaclaim, Coláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh
Fón 061 314923 Facs 061 313632
Ríomhphost : roibeard.ocathasaigh@mic.ul.ie
|

Bronnadh speisialta á dhéanamh ag Breandán Mac Gearailt, Méara Chiarraí, ar Bhab Feiritéar toisc a
fheabhas is a d'éirigh le Rabhlaí Rabhlaí.
Sample 1 MP3 39KB
Sample 1 WAV 170KB
Sample 2 MP3 94KB
Sample 2 WAV 301KB
Sample 3 MP3 85KB
Sample 3 WAV 269KB
|
Tograí Béaloidis
Achmhainn iontach oidhreachta is ea an teanga bheo. Tá an Ghaeilge i measc na dteangacha is ársa san
Eoraip. Tá sí láidir i gcónaí i gCorca Dhuibhne ach beidh dúshlán ann í a choimeád amhlaidh i measc
pobail Ghaeltachta sa mhílaois nua.
Thosnaigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Aonad Forbartha Curaclaim,
Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimní i 1991 nuair a cuireadh tús le Togra Béaloidis i mBun
Scoileanna Chorca Dhuibhne. Bítear ag obair le múinteoirí Bunscoile Chorca Dhuibhne chun gnéithe
den insint bhéil thraidisiúnta a shní le taithí oideachasúil an aos óig. 'Sé Roibeárd Ó Cathasaigh,
Stiúrthóir an togra. Baintear an-úsáid as Bailiúchán Béaloidis na Scol, a déanadh ins na triochaidí,
ins an obair seo. Tá an togra faoi chomaoin ag scéalaithe an cheantair, agus an Bhab Feiritéar ina
measc.
Foilsíodh an chéad mhír den dtogra, Rabhlaí Rabhlaí Rogha Rannta Traidisiúnta don Aos Óg -
i Márta 1998 agus déanadh athchló i Nollaig na bliana céanna. Pacáiste is ea Rabhlaí Rabhlaí
le 31 rannta traidisiúnta – leabhar le dlúthcheirnín. Cuireann ceol spleodrach Stiofáin Uí Chuanaigh
beocht nua ins na rannta. |
Scéiméanna Teangan Scéim na gCuntoirí Teangan |

Luigh anseo chun é a mhéadú. |
Tá gréasán sóisialta na Gaeltachta de shíor ag athrú le forbairt an tsráidbhaile domhanda. Leanann
impleachtaí agus dúshláin é seo don dteanga. Bunaíodh Scéim na gCúntóiri Teangan chun breis cabhrach
a chur ar fáil do leanaí a thagann ar scoil le beagán Gaelainne. Tá Cúntóir anois in aon Bhunscoil
déag agus i dtrí Mheánscoil. Scéim í seo a thosnaigh i gCorca Dhuibhne ach atá ag leathnú anois go
dtí roinnt Gaeltachtaí eile.
Dhein Cúntóirí Teangan agus Stiurthóirí Naíonra Chorca Dhuibhne cúrsa speisialta – Clár Forbartha
Gairmiúla Leanúnaí – idir 1997 agus 1998. Is iad Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath i
gcomhar le hOidhreacht Chorca Dhuibhne a bhí i mbun an chúrsa. Thug Údarás na Gaeltachta agus
Seirbhísí Oideachais Co. Chiarraí cabhair deontais don gcúrsa. Tá beirt is fiche ag obair mar
Chúntóirí Teangan - i gCorca Dhuibhne, sa Rinn, Uibh Ráthach agus i Múscraí,
Co. Chorcaí.
Gach eolas ó Mháire Uí Shithigh ag mus@cfcdteo.iol.ie,
Fón: 066 9156100. |
|
©
 2000 - 2007
|
|