Músaem Chorca Dhuibhne


Fáilte

Nuacht

Taispeántas Buan

Taispeantas Taisteal

Clár Oideachais

Siopa Leabhar

Cartlann

Sonraí Teagmhála




Comharchumann Forbartha
Chorca Dhuibhne Teo.


Fáilte / Leathanach


Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Isteach


Coláistí Chorca Dhuibhne

Isteach


Dovinia Teo.

Isteach



Foilseacháin
Nuachtlitir
Naisc



Músaem Chorca Dhuibhne





Nuacht

Taispeántaisí Nua
  • Geolaíocht: Bailiúchán nua ó 2000 - 2007 curtha le chéile ag An Dr. Richard Unitt, Ollscoil na hÉireann, Corcaigh
  • Sliogáin Mhara: Cuid de bhailiúchán Mhíchíl Uí Lúing. Atheagar, athainmniú déanta orthu ag An Dr. Julia Nunn, Músaem Uladh.
Taispeántaisí Taistil
Ó 2005 i leith tá spás úrnua curtha ar fáil sa Mhúsaem do thaispeántaisí sealadacha chomh maith le taispeántaisí taistil. Tá fáilte roimh ghrúpaí ón gceantar a bheadh suim acu taispeántas a reachtáil an áis seo a úsáid tré dhul i dteangbháil leis an gCaomhnóir.

  • Lúnasa 2000 - 2007: Fiashaol na hÉireann, ó ENFO.
  • 2007: Le fógairt
Aistrúcháin
Tá scéal an Mhúsaeim ar fáil anois san Fhraincis, sa Ghearmáinis agus san Ioruais chomh maith le Gaoluinn agus Béarla.

Bileog Oibre
  • Tá leabhar saothair (Gaoluinn & Béarla) ar fáil dos na leanaí, daltaí scoile agus mic léinn a thabharfaidh cuairt ar an Músaem.
  • Beidh bileog oibre eile ar an suíomh ón Luath-Ré Chríostaí sa Riasc ar fáil ó 2007 amach, i mBéarla agus i nGaoluinn.
Táimíd ana-bhuíoch don gComhairle Oidhreachta a thug tacaíocht dúinn an clár oideachais a chur le chéile.

Scéim Chaighdeánaithe Náisiúnta na Músaem
Cuid des na feabhsúcháin atá déanta sa Mhúsaem fé Scéim soe na Comhairle Oidhreachta ná:
  • Breis eolais fé agus lipéid nua ar na sliogáin mhara
  • Dhá chás nua sa bhreis ceannaithe
  • Dhá cheann de dhíthaisirí nua sa bhreis ceannaithe
  • Bileog oibre do leanaí feadbhsaithe agus athphriontáilte
  • Feabhsúcháin déanta ar chóras caomhnaithe na leabhar, athcheangal agus deisiú san áireamh
  • Ábhar stórála chartlainne dos na grianghraif atá i gCartlann an Mhúsaeim

Seimineáir
Le trí bliana anuas tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcomhar le Músaem Chorca Dhuibhne ag eagrú seimineáir lae chun gnéithe de stair agus de sheandálaíocht na háite a chur i láthair an phobail agus tá seimineár eile ar na bioráin don 4ú Samhna 2000 - 2007, 'Nós na hOilithreachta i gCorca Dhuibhne is i gcéin'. Sraith léachtaí, cainteanna agus turasanna ar láithreacha staire is seandálaíochta a bhíonn i gceist. Buailimid le chéile ins an mhúsaem ón 10.30 do chupán caife. Buíochas don gComhairle Oidhreachta a dheineann na himeachtaí seo a mhaoiniú. Breis eolais ó Isabel, 066-9156333, isabel-bennett@iol.ie

Bain taitneamh as do thuras!





©

2000 - 2007