Siopa Leabhar
Tá leabhair shuimiúla ar fáil sa siopa leabhar ar stair agus ar sheandálaíocht na leithinise,
chomh maith le leabhair thagartha do mhic léinn is do lucht foghlama is lucht taighde na Gaoluinne.
Tá roinnt mhaith leabhar do leanaí ann, leabhair ar na Blascaodaí, ar bhláthanna agus ar fhiashaol na
leithinise agus araile. Díoltar treoirleabhair agus léarscáileanna don siúl agus don dreapadóireacht,
cartaí poist agus beannachtaí, fístéipeanna, dlúthdhioscaí agus ábhar agus áiseanna teagaisc do mhúineadh na Gaoluinne.
Agus tú sa siopa leabhar is féidir cupa caife a ól sa chafé.
Beidh Fáilte Romhat!