Músaem Chorca Dhuibhne


Fáilte

Nuacht

Taispeántas Buan

Taispeantas Taisteal

Clár Oideachais

Siopa Leabhar

Cartlann


Sonraí Teagmhála



Comharchumann Forbartha
Chorca Dhuibhne Teo.


Fáilte / Leathanach


Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Isteach


Coláistí Chorca Dhuibhne

Isteach


Dovinia Teo.

Isteach



Foilseacháin
Nuachtlitir
Naisc



Músaem Chorca Dhuibhne





Leathanach Baile

Fáilte go Músaem Chorca Dhuibhne, músaem a thugann siar sa tseanaimsir tú agus a insíonn scéal oidhreacht Chorca Dhuibhne, idir oidhreacht chultúrtha is oidhreacht fhisiciúil.

Tá Músaem Chorca Dhuibhne lonnaithe sa seana-thigh scoile (a tógadh sa bhliain 1875 - séadchomhartha ann féin!) i mBaile an Fheirtéaraigh, 8 míle siar ó bhaile iascaireachta an Daingin, in iarthar Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí, ceantar aoibhinn in iar-dheisceart na hÉireann.

Ins an mhúsaem gheobhaidh tú éachtaint ar gheolaíocht, ar sheandálaíocht agus ar stair na leithinise. Tá cuid dos na hiarsmaí ar iasacht ó Ard-Mhúsaem na hÉireann, agus táimid an-bhuíoch díobh astu sin.

Bíonn clár taispeántaisí taistil bliantúil ar ábhair dhifriúla againn chomh maith.

Ins an mhúsaem, a bhíonn ar oscailt 7 lá na seachtaine (10:00 r.n - 6:00 i.n., Aibreán go Meán Fómhair) tá café chomh maith le siopa leabhar.

Osclófar an múseam duit sa gheimhreadh ach é a iarraidh go speisialta.

Teangmháil: Isabel Bennett
riomh-phoist : isabel-bennett@iol.ie Fón: +353 66 915 63 33 nó +353 66 915 61 00

Bain taitneamh as do thuras!

Táimíd ana-bhuíoch don gComhairle Oidhreachta as a dtacaíocht.





©

2000 - 2007