Músaem Chorca Dhuibhne


Fáilte

Nuacht

Taispeántas Buan

Taispeantas Taisteal

Clár Oideachais

Siopa Leabhar

Cartlann

Sonraí Teagmhála




Comharchumann Forbartha
Chorca Dhuibhne Teo.


Fáilte / Leathanach


Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Isteach


Coláistí Chorca Dhuibhne

Isteach


Dovinia Teo.

Isteach



Foilseacháin
Nuachtlitir
Naisc


Músaem Chorca Dhuibhne




Clár Oideachais

Polasaí Oideachais
Tá Polasaí Oideachais nua á chur le chéile do Mhúsaem Chorca Dhuibhne, i gcomhar le hOidhreacht Chorca Dhuibhne. Beidh sé dírithe an-mhór ar chuairteoirí ar an Músaem (go mór mór ar leanaí, agus orthusan a thagann anseo chun an Ghaoluinn a fhoghlaim ach go háirithe), ar phobal Chorca Dhuibhne chomh maith leis na daoine eile a bhaineann úsáid as na háiseanna atá ar fail sa mhúsaem.

Seimineáir
Le dhá bhliain anuas tá Oidhreacht Chorca Dhuibhne ag eagrú seimineáir lae chun gnéithe de stair agus de sheandálaíocht na háite a chur i láthair. Tionóladh seimineár ar Dhúnta Chorca Dhuibhne Fómhar na bliana 2004 agus ar scéal Phiaras Firtéar mí na Nollag 2005. Sraith léachtaí, cainteanna agus turasanna ar láithreacha staire is seandálaíochta a bhíonn i gceist. Buíochas don gComhairle Oidhreachta a dheineann na himeachtaí seo a mhaoiniú. Tá seimineár eile ar na bioráin don 4ú Samhna 2000 - 2007, 'Nós na hOilithreachta i gCorca Dhuibhne is i gcéin'. Sraith léachtaí, cainteanna agus turasanna ar láithreacha staire is seandálaíochta a bhíonn i gceist. Buailimid le chéile ins an mhúsaem ón 10.30 do chupán caife. Buíochas don gComhairle Oidhreachta a dheineann na himeachtaí seo a mhaoiniú.
Breis eolais ó Isabel, 066-9156333, isabel-bennett@iol.ie

Bileog Oibre
Tá leabhair shaothair (Gaoluinn & Béarla) ar fáil le cúpla bliain anuas do leanaí, daltaí scoile is mic léinn a thabharfaidh cuairt ar an Músaem. Beidh ceann nua ar fáil ar an Riasc ó 2007 amach. Fáilte roimis ghrúpaí scoile cuairt a thabairt ar an Músaem agus leas a bhaint as an ábhar seo

Turasanna agus Léachtaí
Tá Caomhnóir an Mhúsaeim ar fáil mar threoraí i dteannta na dturasanna ar an músaem agus ar shuímh seandálaíochta agus chun cainteanna a thabhairt ar sheandálaíocht leithinis Chorca Dhuibhne, ach go háirithe.

Foilseacháin
Clocha Oghaim Chorca Dhuibhne, 1995 agus athchló.





©

2000 - 2007