|
|
Cartlann
- Suirbhé Seandálaíochta Chorca Dhuibhne (1982-84). Sa chartlann seo tá na cáipéisí go léir a bhfuil eolas is cur
síos iontu ar gach suíomh seandálaíochta ar an leithinis, chomh maith le léirsceálanna, grianghraif, pleananna 7rl.
Is feidir coinne a dhéanamh chun teacht ag féachaint ar an gcartlann.
- Flóra Chorca Dhuibhne. 'Sé atá sa chartlann ná naoi gcinn déag d'fhillteáin, pictiúirí daite is go leor
eolais ar an réamhobair go mba chuid de thionscnamh de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne í ar bhláthanna fiáine na leithinise.
- Leabharlann an Mhúsaeim. Leabhair staire, leabhair fén ndúlra, fístéipeanna agus caiséidí a bronnadh ar an
Músaem. Tháinig an-chuid des na leabhair ón Athair Mícheál Ó Cíosáin, iarshagart paróiste Bhaile an Fheirtéaraigh
agus staraí áitiúil agus ó Mhícheál Ó Lúing, Nádúraí agus Tábhairneoir.
|
©
 2000 - 2007
|
|