Taispeántas Buan
Tá taispeántas dátheangach (Gaoluinn agus Béarla) sa mhúsaem a léiríonn gnéithe éagsúla den saibhreas
seandálaíochta atá anseo againn i leithinis Chorca Dhuibhne. Chomh maith leis sin tá cúntas cruinn ar
na himeachtaí réamhstaiúla, stairiúla agus nua-aoiseacha agus ar na daoine mór le rá a mhúnlaigh
oidhreacht an cheantair. Tá blaiseadh don oidhreacht nádúrtha ann chomh maith.
Tá geolaíocht ann, sliogáin mhara, an Réamhstair (ón Ré Méasailiotach go dtí Ré an Iarainn,
an Luath-Ré Chríostaíochta, na Meánaoiseanna agus scéalta an lae inniu.
Mar chuid den dtaispeántas tá dhá scáileán tadhaill, ceann ar Chlocha Oghaim na leithinise, agus an
ceann eile ar Ré na Críostaíochta.
Is fiú teacht ag féachaint ar an bPota Anraith ó aimsir an Ghorta (1845-1850). Tá sé ar ceann do's
na potaí is mó riamh a úsáideadh in Éireann, rud a léiríonn chomh holc is a bhí cúrsaí sa leithinis seo i rith an Droch-Shaoil.
Bain taitneamh as do thuras