An Láthair
Tá suíomh i seilbh Údarás na Gaeltachta i mBaile an Fheirtéaraigh.
Tá sé aontaithe leis an Údarás go mbeidh an suíomh seo á fhorbairt mar Lárionad Forbartha.
Ionad Ollscolaíochta i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Bhuail ionadaithe ó CFCD Teo. le hionadaithe ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Ollscoil na hÉireann,
Gaillimh agus le feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta sa Daingean i mí Aibreáin 004. Ag éirí as an gcruinniú seo,
tugadh cuireadh don Acadamh teacht go Corca Dhuibhne chun dul i mbun comhfhiontair leis an gComharchumann chun
tionscnaimh nua oideachais teangalárnaithe a chur chun cinn sa cheantar.
Aonad Fiontraíochta
Tá comhráití ar siúl faoi láthair idir Údarás na Gaeltachta agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh maidir
le dhá aonad taighde/fiontraíochta
a thógáil mar chuid den mhórfhorbairt seo.
Áiseanna Pobail
Tá plé leanúnach ar siúl idir an pobal áitiúil agus an Roinn Gnóthaí Pobal, Tuaithe agus
Gaeltachta maidir le háiseanna pobail a fhorbairt i mBaile an Fhéirtearaigh.
Ionad Tacaíochta Teaghlaigh
Ar na háiseanna nua atá le forbairt tá Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ina lonnófar Naíonra Bhaile an Fheirtéaraigh chomh
maith le seirbhísí chúram leanaí is luathoideachais.
Tá maoinú an togra seo á phlé leis an Roinn Dlí, Cirt, Comhionnanais agus Ath-chóirithe Dlí.
Áiseanna do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo.
Sa bhfoirgneamh seo beidh dhá cheann déag d'oifigí, fáiltiú, seomra bídh, leithrisí, stór, seomraí seirbhísí agus
seomraí cruinnithe. Beidh na háiseanna cruinnithe seo ar fáil do ghrúpa ar bith ón
gceantar gur mian leo cruinniú a bheith acu nó cúrsaí oiliúna a reachtáíl ann.