Bunaíodh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. sa bhliain 1967 chun saol sóisialta, eacnamaíochta agus cultúrtha phobal
Chorca Dhuibhne a fhorbairt is a fheabhsú. 'Sí leithinis Chorca Dhuibhne, ina bhfuil an pobal Gaeltachta is mó i gCúige Mumhan,
an leithinis is sia ó thuaidh i gContae Chiarraí. Ó 1967 i leith tá ról lárnach ag an gComharchumann i bhforbairt gheilleagar
na leithinse, ag feidhmiú thar ceann a gcuid scairshealbhóirí agus ag gníomhú ar son phobal Chorca Dhuibhne
Ó am a bhunaithe, bhí an Comharchumann ag iarraidh tógáil a dhéanamh ar na hacmhainní nadúrtha sa cheantar agus an oiread
deiseanna ioncaim agus fostaíochta ab fhéidir a thapú. Siar sna seascaidí, bhí béim ar leith ar thionscail na talamhaíochta
agus na hiascaireachta agus bhí sé mar pholasaí díriú isteach ar riachtanais na bhfeirmeoirí áitiúla. Ach tá scóip
na heagraíochta leathnaithe amach ós na seachtóidí is na hochtóidí. Sa lá atá inniú ann, tá an earnáil oideachais
mar phríomh-mhargadh ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne.
Léiriú é seo ar an athrú búnúsach atá tagtha ar gheilleagar na leithinse agus, go deimhin, ar an athrú atá tagtha ar fhurmhór na
gceantar Gaeltachta ar fuaid chósta an iarthair. Léiríonn sé freisin, go raibh an Comharchumann in ann na hathruithe seo
a láimhseáil go héifeachtach agus stráitéis fhorbartha an Chomharchumainn a chur in oiriúint dos na deiseanna agus na
riachtanais fhorbartha de réir mar a bhí athrú ag teacht ar an saol sóisialta agus eacnamaíochta. Tá príomhoifig
Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh, ocht míle laistiar de bhaile an Daingin.
Fé cheithre cinn de fho-chomhlachtaí a deintear imeachtaí uile an Chomharchumainn a reachtáil:
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Coláistí Chorca Dhuibhne (1969), Oidhreacht Chorca Dhuibhne (1980) agus Dovinia Teo. (1993)