Comharchumann Forbartha
Chorca Dhuibhne Teo.


Fáilte / Leathanach


Coláistí Chorca Dhuibhne

West Kerry Irish Summer Colleges

Enter


Oidhreacht Chorca Dhuibhne

Irish Adult Programmes

Isteach


Músaem Chorca Dhuibhne

Isteach


Dovinia Teo.

Isteach


Gaeltachtaí Na Mumhan Skillnet

Gaeltacht Enterprise Training Network

Enter



Foilseacháin
Nuachtlitir
Naisc





Bunaíodh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne sa bhliain 1967 chun saol sóisialta,
eacnamaíochta agus cultúrtha an cheantair a chur chun cinn. Tá ár bpríomhoifig lonnaithe i
mBaile an Fheirtéaraigh, ocht míle laistiar de bhaile an Daingin, i gCo. Chiarraí. Sí leithinis
Chorca Dhuibhne an leithinis is sia ó thuaidh i gCiarraí. Bhí an Comharchumann páirteach i
dtionscnaimh éagsúla ó shin i leith.

Tá scóip na heagraíochta leathnaithe amach an-mhór trí na blianta. 'Siad na Cúrsaí Gaeilge do
dhaltaí bunscoile agus iarbhunscoile na príomhimeachtaí a bhíonn ar siúl againn anois. Eagraíonn
Coláistí Chorca Dhuibhne na cúrsaí seo; fo-chomhlacht de chuid an Chomharchumainn. Thosaigh na
cúrsaí seo i 1969 agus tá siad ag dul ó neart go neart ó shin.

Bunaíodh Oidhreacht Chorca Dhuibhne i 1980 mar fho-chomlacht den Chomarchumann. Eagraíonn an
Oidhreacht imeachtaí cultúrtha éagsúla agus 'Cúrsaí Gaeilge do Dhaoine Fásta'.

Ceann de na himeachtaí eile atá á n-eagrú ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne is ea na
Cúrsaí Oiliúna Ríomhaireachta a reachtáiltear i gcomhairle le FÁS.



 

 

 




©

2000 - 2007